|
Déanfar staidéar ar thaibhealaíona na Gaeilge agus na Gaeltachta ar bhonn praiticiúil sa mhodúl seo. Foghlaimeoidh na mic léinn faoi ghnéithe éagsúla de chultúr na dtaibhealaíon Gaeilge, agus faoi chleachtais chruthaitheacha éagsúla, mar shampla, lúibíní, an t-agallamh beirte, an amhránaíocht ar an sean-nós, aithriseoireacht agus amharclannaíocht, agus stíleanna ceoil agus damhsa. Beidh ar an mac léinn togra beag cruthaitheach a chur i gcrích mar chuid den mhodúl seo agus beidh an-solúbthacht ann ó thaobh seánraí agus cur chuige de sa togra. Is ar an gcleachtas cruthaitheach féin a dhíreofar, agus forbrófar scileanna teanga agus scileanna cruthaitheacha in éineacht sa mhodúl trí thascanna feidhmeacha sna taibhealaíona Gaeilge a chur i gcrích. Leagfar béim ar leith ar Ghaeilge bheo na Gaeltachta agus ar nósanna foghraíochta agus urlabhra na hamhránaíochta agus na dtaibhealaíon.
|